Is comhthionscnamh an mhalairt chultúrtha idir Pembrokeshire sa Bhreatain Bheag agus Contae Ceatharlocha in Éirinn chun dhá iarsmalann shamhalta a chruthú, ceann amháin do gach contae.

Thosaigh coincheap na malairte cultúrtha i 2004 nuair a labhair baill ó sheirbhís iarsmalann Cheatharlocha agus ó sheirbhís iarsmalann Pembrokeshire le chéile. Aontaíodh gur cheart go nglacfaí ar thionscnamh, a cheadú an mhalairt eolais stairiúil agus cultúrtha a ghabhfadh leis an dá chontae.

Tugann an tionscnamh seo, tionscnamh a úsáideann modhanna agus smaointe nua, seans do mhuintir an domhain go léir eolas a fhoghlaim faoi oidhreacht agus faoi chultúr Cheatharlocha agus Pembrokeshire trí shuíomh idirlíne atá éasca a úsáid.

Tugadh iarratas isteach chun cistí a fháil le haghaidh an tionscnaimh agus i Meitheamh 2004, bronnadh £199,626 in iomlán air trí Chlár Interreg IIIA an Aontas Eorpaigh. Tháinig cistí breise don tionscnamh ó Chomhairle Chontae Pembrokeshire, ó Chomhairle Bhaile Cheatharlocha agus ó Chomhairle Chontae Cheatharlocha.