Nuair a fuarthas cistí, thosaigh an tionscnamh leis an bhfoireann tionscnaimh a cheapadh do gach contae. An chéad chúram a bhí acu ná na bailiúcháin a chuirfí ar an suíomh idirlíne agus an chaoi a thaispeánfaí iad a shainaithniú.

Próiseas mór i gcruthú gach iarsmalann shamhalta ná bailiúcháin na gcontaetha a chur ar an ríomhaire. Bhain sé seo le seanchártaí phoist, seanghrianghrafanna, seanshleamhnáin, seanléarscáileanna agus seancháipéisí a scanadh ar an ríomhaire, agus grianghrafanna méaraí de lámhdhéantúsáin, fhoirgnimh, chomharthaí teorann agus radhairc tíre a dhéanamh.

Cruthaíodh an suíomh idirlíne trí úsáid na n-íomhánna méaraí in éineacht le eolas ó leabhair staire áitiúil, ó cháipéisí áitiúla agus ó dhíospóireachtaí le staraithe agus le saineolaithe áitiúla. Úsáideadh an fhoireann tionscnaimh na grafaíocht ríomhaire agus na cláir fhorbartha idirlíne is déanaí chun bheith cinnte go mbeadh an tionscnamh críochnaithe simplí agus go mbeadh úsáideoirí in ann é a úsáid go héasca ach ag an am céanna go mbeadh sé nua-aimseartha, sofaisticiúil agus suntasach.

Cé go bhfuil dhá iarsmalann shamhalta ar leith, ceann amháin do Cheatharlach agus ceann eile do Pembrokeshire, cruthaíodh an dá cheann trí chomhoibriú agus obair an dá fhoireann tionscnaimh. Tá leagan amach agus struchtúr cosúla ag an dá iarsmalann, agus cruthaíodh naisc chun go mbeadh an t-úsáideoir in ann féachaint ar stair an dá chontae go héasca agus comparáid a dhéanamh eatarthu.